Acmhainní ar líne do pháistí bunscoile

Tá múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí ag ullmhú do thréimhse cianfhoghlama arís tar éis bhriseadh na Cásca. Tá neart acmhainní maithe foghlama ar líne agus is féidir úsáid a bhaint astu le tacú leis an gcianfhoghlaim agus le cruth a chur ar an lá fad is atá na scoileanna dúnta. Seo thíos cuid acu.

Na bunchlocha

Cruth a chur ar an lá

Beimid ag foghlaim ón mbaile go ceann tamaillín eile, agus is fusa taitneamh agus tairbhe a bhaint as an lá nuair atá struchtúr air. Seo thíos clár ama samplach gur féidir a úsáid le do chlann mar atá nó a chur in oiriúnt do shaol do theaghlaigh féin. Is féidir teacht ar an gclár ama agus do chóip féin a dhéanamh anseo.

Seomra ranga a chruthú ar líne

Baineann go leor scoileanna úsáid as na hardáin seo a leanas le múinteoirí agus daltaí a choimeád i dteagmháil lena chéile:

Is féidir le múinteoirí cumarsáid rialta a dhéanamh le daltaí agus lena dteaghlach trí na hardáin seo, agus is féidir obair ó shuíomhanna eile a chur in airde ann do na daltaí.

Is suíomh oideachasúil é Edcite a bhfuil cleachtaí agus uirlisí breise ann gur féidir a nascadh go héasca leis na hardáin sin. Tá sé éasca do mhúinteoirí cleachtaí Edcite a chur ar na hardáin sin, le go mbeidh daltaí in ann teacht ar a gcuid oibre ar fad in aon áit amháin.

Is leor spriocanna beaga a chur romhat!

Cuireann an daltaí agus tuismitheoirí fáilte roimh teagmháil le múinteoirí i láthair na huaire, ach is tréimhse strusmhar í seo do chách. Ní féidir agus níor cheart a bheith ag súil le gnáthlá scoile a dhéanamh ón mbaile.

Is tréimhse eisceachtúil í seo, agus tá daoine ag dul i ngleic le go leor athruithe anuas ar an athrú go dtí an chianfhoghlaim. Tabhair aire daoibh féin agus ná cuir an-iomarca brú oraibh féin ná ar dhaoine eile – táimid go léir ag déanamh ár ndícheall.

Acmhainní Gaeilge

Tá neart acmhainní oideachasúla ar fáil ar líne i nGaeilge do réimse leathan ábhar scoile, seo thíos cuid acu.

Scileanna teanga

Is breá le páistí na cartúin agus na cláir ar Cúla4 agus baineann siad tairbhe astu chomh maith. Is bealach taitneamhach iad seo le cur leis an stór focal agus le teagmháil a choinneáil leis an teanga, go háirithe dóibh siúd nach bhfuil Gaeilge acu sa bhaile.

Tá na buntáistí céanna ar fáil ón gceol (agus spreagann sé muid le héirí ón tolg!). Is í an acmhainn ceoil is fearr linn faoi láthair ná Anam an Amhráin, amhráin áille le híomhánna do pháistí.

Léamh agus litriú

Is acmhainní maithe iad na leabhair ar líne ó Léigh Leat agus Séideán Sí le focail nua a fhoghlaim agus feabhas a chur ar scileanna tuisceana. Is féidir le páistí éisteacht leis an scéal nó na focail a léamh amach más mian leo.

Chomh maith leis sin, baineann na cluichí idirgníomhacha Cód na Gaeilge (CCEA) úsáid as cur chuige fónaice le scileanna léitheoireachta agus litrithe a fheabhsú.

Ábhair eile

Tá go leor cleachtaí idirghníomhacha i nGaeilge ag Edcite atá deartha ag múinteoirí do réimse leathan ábhar scoile – mata, stair agus tíreolaíocht ina measc. Tá teacht ar na cleachtaí sin anseo. Is féidir le múinteoirí nó tuismitheoirí cuntas a chruthú agus cleachtaí a aimsiú sa “leabharlann” do pháistí.

Chomh maith leis sin, tá cleachtaí i nGaeilge gur féidir a phriontáil sa bhaile sa mhol nua atá ag RTÉ.

Acmhainní teanga do thuismitheoirí

Tá go leor acmhainní maithe ann do thuismitheoirí nach bhfuil líofa sa Ghaeilge. Spreagann an léitheoireacht an tsamhlaíocht agus is féidir buansuim a chothú sa teanga trí leabhair a léamh le páistí.

Is acmhainn an-úsáideach é an suíomh ABAIR.ie don scéalaíocht – léann sé téacs amach i do rogha canúna. Tá sé an-úsáideach má tá tú in amhras faoi fhuaimniú focail nó má tá cabhair ag teastáil leis an léitheoireacht.

Chomh maith leis sin, is féidir aistriúchán cruinn a fháil ar fhocail ag focloir.ie agus teanglann.ie (agus tá draoi gramadaí ag teanglann.ie a chabhraíonn le cleachtaí gramadaí chomh maith).


Naisc Úsáideacha

ABAIR: www.abair.ie
Anam an Amhráin: https://www.youtube.com/playlist?list=PL7eHsgMDRovxQHRUn09_UCpMc4Reyqb37
Cód na Gaeilge: http://legacy.ccea.org.uk/curriculum/gaeloideachas/eochairch%C3%A9imeanna_1_2/r%C3%A9ims%C3%AD_foghlama/teanga_agus_litearthacht/c%C3%B3d_na
Cúla4 : https://www.cula4.com/ga/
Edcite: www.edcite.com
Edcite as Gaeilge: https://www.edcite.com/social/profile?user=gaeilge
Focloir: www.focloir.ie
Léigh Leat: http://www.leighleat.com/scealta.html
RTÉ learn: https://www.rte.ie/learn/
Séideán Sí: https://www.seideansi.ie/aiseanna-eile.php
Schedule: https://bit.ly/athomelearningschedule
Teanglann: www.teanglann.ie 


An píosa seo scríofa ag Edcite agus foireann ABAIR sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra, Coláiste na Tríonóide.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s